Scannán tostach

Turas chun na pictiúrlainne le breathnú ar scannán tostach (28 Meán Fómhair).

Scannán tostach

Advertisements

Imeachtaí na míonna atá amach romhainn

  • Feabhra: turas ar an bParlamentarium (músaem/ionad chuairteoirí Pharlaimint na hEorpa). Dé Domhnaigh an 16ú Feabhra ar a 11 a chlog i gcaifitéire an Parliamentarium
  • Mí an Mhárta: Seachtain na Gaeilge! Beidh neart imeachtaí ar siúl an mhí seo ar ndóigh ach ina measc beidh na Gaeil i gCéin ag eagrú lóin in Delish agus beidh muid ag tnúth le cúpla foireann a chur isteach ar thráth na gceist
  • 13ú Aibreán: turas go Tongeren
  • Bealtaine: turas go Páras (le cinntiú go fóill)
  • Meitheamh: cuairt ar an Quartier nord-est le Gael a bhfuil cónaí air ann le fada mar threoraí (an dáta fós le dearbhú)
  • Cluiche míosúil cártaí — níos mó eolais le teacht.

Athbhliain faoi mhaise daoibh

Beannachtaí na hathbhliana oraibh, a chairde. Cuirfimid scéala chugaibh gan mhoill faoin gcéad imeacht eile a bheidh ag na Gaeil i gCéin, an chéad cheann den bhliain 2014. Seo thíos grianghraf de roinnt dínn ag an ócáid dheireanach a bhí againn, .i. deoch na Nollag i dteach leanna ‘Au Bon Vieux Temps’ sa Bhruiséil.Gaeil i gCéin (1)