An Club Leabhar – ‘Dé Luain’

Is é Dé Luain, le hEoghan Ó Tuairisc (Sáirséal Ó Marcaigh, 1998, 224 lch) an leabhar is deireanaí atá roghnaithe ag an gClub Leabhar.

Seo thíos sliocht as Vicipéid ina thaobh:

Sa bhliain 1966 a tháinig an dara húrscéal stairiúil le hEoghan Ó Tuairisc i gcló – Dé Luain. Bhí Éirí Amach na Cásca á cheiliúradh sa bhliain chéanna, ó d’imigh leathchéad bliain i ndiaidh na n-imeachtaí. Bhí Ó Tuairisc meáite ar “leac chuimhneacháin” a thógáil do lucht an Éirí Amach, ach san am chéanna bhí sé ag iarraidh úrscéal uaillmhianach nua-aimseartha a chumadh, agus chuaigh sé i dtuilleamaí na teicníochta insinte is mó a shamhlaítear le James Joyce, is é sin, sruth an chomhfheasa. Bhí a lán réamhthaighde agus mioneolais de dhíth leis an leabhar a ullmhú. (Léigh leat….)

Dé Luain

An Club Leabhar – ‘Iognáid Loyola’

Tá leabhar nua roghnaithe ag muintir an Chlub Leabhar (nach iad na léitheoirí cíocracha iad!). An uair seo is é Iognáid Loyola (FÁS, 1962, 124 lch) le Donncha Ó Céileachair an leabhar atá roghnaithe acu. Beathaisnéis Iognáid Naofa Loyola, bunaitheoir na nÍosánach agus duine de mhórphearsa na staire is ábhar don leabhar. Tá neart cóipeanna de ar díol ar abebooks.com.

Bígí ag léamh!

Grianghraf: Tá leabhar mhí Feabhra roghnaithe agus faighte ag club leabhar an Choimisiúin. Leabhar spéisiúil staire faoi dhuine de mhórphearsantachtaí an 16ú haois scríofa ag duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois. Iognáid Loyola le Donncha Ó Céileachair. An bhfuil aon sárleabhar léite agat le déanaí a mholfá don chlub? Roibeard

An Club Leabhar: Ár meas ar ‘An Ród seo Romham’

(Léirmheas eile atá buille beag mall, ach seo chugaibh é ar aon nós.)

An Ród seo Romham, Liam Mac Uistín (Comhar, 2006, 163 lch).

🙂 Gearrchuntas inspéise comhaimseartha ar shaol an Phiarsaigh. Má tá na fíricí uait i mbeagán focal, is fiú an leabhar seo a léamh.

😦 Dála go leor leabhar eile neamhfhicsin Gaeilge, tá an leabhar seo breac le sleachta Béarla, rud a dhéanann leabhar dátheangach de. Cumá nár aistríodh na sleachta sin go Gaeilge, an teanga ina bhfuil an leabhar scríofa (mar a dhéanfaí in aon teanga eile)? B’fhéidir go bhfuil Béarla ag an ngnáthléitheoir a bhfuil an leabhar seo dírithe air, ach ní fhágann sin gur mian leis an léitheoir sin Béarla a bheith ag preabadh aníos chuige á chrá ar gach re leathanach den téacs.

*****************

AN CLUB LEABHAR: Is é ‘Bríde Bhán’, le Pádraig Ua Maoileoin (Sáirséal Ó Marcaigh, 1982, 239 lch), an leabar is déanaí atá roghnaithe ag muintir an Chlub Leabhar.

An Club Leabhar: Ár meas ar ‘Japhy Ryder ar Shleasaibh na Mangartan’

japhyryder[1]

(Tá an léirmheas seo buille beag mall, ach seo chugaibh é ar aon nós….)

Japhy Ryder ar Shleasaibh na MangartanRobert Welch (Coiscéim, 2011, 199 lch).

🙂 Leabhar neamghnách é an leabhar seo beathaisnéise agus critice. Tá rudaí suimiúla meabhracha le rá ag an údar faoin litríocht go háirithe, agus tugtar léargas suimiúil don léitheoir ar shaol na Gaeilge i gCorcaigh sna 1960idí agus ar dhaoine ar nós Shéan Uí Thuama agus Sheáin Uí Riada.

😦 Ní dhearnadh eagarthóireacht cheart ar an saothar seo. Dealraíonn sé nár cuireadh seiceálaí litrithe ag obair ar an téacs fiú. Faraor, arís eile, is dréacht den táirgeadh deiridh, seachas an táirgeadh deiridh féin atá curtha i gcló ag Coiscéim. Is léir nach bhfuil Coiscéim sásta aon dua a chaitheamh lena gcuid leabhar agus go gcuireann siad i gcló aon rud a thugtar dóibh gan mórán athruithe a dhéanamh air.