Leabhair a bhaineann leis an mBeilg (2): ‘Aiséirí Flóndrais’

Sa bhliain 1949, nuair a bhí mé féin agus mo bhean tar éis éaló go nua as ‘Beilg bheag an chroí mhóir’, agus sinn ag siúl tré Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, go hobann baineadh stad aisti féin: “Féach ansin, a Albert,” ar sise, “cros Phléimeannach!” Chuir sin ionadh go leor orainn. Ba ghearr go dtáinig alltacht in áit an ionadh againn nuair a chonaiceamar siopa snoíodóra a bhí lomlán de chrosanna den tsaghas sin. Go dtugamar cuairt ar an Músaem Náisiúnta ba dheacair dúinn a chreidiúint gur crosanna Gaelacha iad dáiríre. Rinneamar mórchuid machnaimh ar cad ba bhun leis an gcosúlacht idir an dá shaghas cros, agus seo é míniú an scéil chomh fada agus is léir dúinn é:

Ba é an ainm a tugtaí ar an ealaíontóir a dhearaigh an chros Phléimeannach i dtosach, Joe English. Leasainm é sin a tugadh air toisc gurbh é an Béarla a theanga dhúchais. Ach Éireannach ab ea é, agus pé rud ba chúis leis, d’iompaigh sé amach ina náisiúnaí mór Pléimeannach. Agus nuair a hiarradh air leacht a dhearadh do na saighdiúirí marbha tháinig  an tseanchros Cheilteach ina cheann agus bhunaidh sé an chros Phléimeannach uirthi sin. Gan aon mhoill bhí an chros sin mar fhaisean ar uaigheanna Caitliceacha i bhFlóndras i dtreo nárbh aon ionadh é dá gceapfaí gur le Flóndras agus le Flóndras amháin a bhain sí. Ar cheithre aighthe na croise bhíodh an mana seo greannta:

A
V V K
V

sé sin, cinnlitreacha na bhfocal, Alles Voor Vlanderen, Vlanderen Voor Kristus, .i. ‘Gach n-aon ar son Flóndrais, Flóndras do Chríost’.

 

Aiséirí Flóndrais le hAlbert Folens (an t-údar a d’fhoilsigh, 1958)

 

An Club Leabhar – ‘Dé Luain’

Is é Dé Luain, le hEoghan Ó Tuairisc (Sáirséal Ó Marcaigh, 1998, 224 lch) an leabhar is deireanaí atá roghnaithe ag an gClub Leabhar.

Seo thíos sliocht as Vicipéid ina thaobh:

Sa bhliain 1966 a tháinig an dara húrscéal stairiúil le hEoghan Ó Tuairisc i gcló – Dé Luain. Bhí Éirí Amach na Cásca á cheiliúradh sa bhliain chéanna, ó d’imigh leathchéad bliain i ndiaidh na n-imeachtaí. Bhí Ó Tuairisc meáite ar “leac chuimhneacháin” a thógáil do lucht an Éirí Amach, ach san am chéanna bhí sé ag iarraidh úrscéal uaillmhianach nua-aimseartha a chumadh, agus chuaigh sé i dtuilleamaí na teicníochta insinte is mó a shamhlaítear le James Joyce, is é sin, sruth an chomhfheasa. Bhí a lán réamhthaighde agus mioneolais de dhíth leis an leabhar a ullmhú. (Léigh leat….)

Dé Luain