Camchuairt in Pajottenland

sint-anna-p

Tá sé beartaithe againn siúlóid (an ‘Bruegelwandeling’) a dhéanamh in Pajottenland, thart timpeall Sint-Anna-Pede (Dilbeek, Brabant Fhlóndras).

Lúbshiúlóid a bheidh ann, ar lorg an phéintéara Bruegel (.i. tá eolas i dtaobh shaothar Bhruegel curtha in airde i gceann gach aon tamall den tslí)  agus tosóimid agus críochnóimid os comhair an tséipéil in Sint-Anna-Pede.

Dáta: Dé Domhnaigh 18 Meán Fómhair
Tús: 11:20
Críoch: 15:45
TreorachaTram 81 nó líne Métro 5 go dtí St. Guidon. Ansin bus 118 De Lijn a thógáil i dtreo Schepdaal agus tuirlingt ag Sint-Anna-Pede (Kerk). Fágann bus 118 St Guidon ar 10:56. Thart ar 15 nóiméad a mhaireann an turas bus. Is féidir cead taistil ar bord bus de chuid De Lijn a fháil ach téacs a sheoladh chuig 4884 agus ‘DL’ sa teachtaireacht, ar chostas €1.80. Seol an téacs go díreach roimh dhul ar bord duit.

Tabhair leat: bróga siúil, lón bóthair, uachtar gréine agus uisce le hól. Íosfaimid ár lón ag Café Sint Anna. Beidh do rogha deochanna le fáil ansin (níl aon bhia ar díol ann, áfach).

NB: Beidh críochnaithe againn in am do bhus 15:45 ó Sint-Anna-Pede go St Guidon. Fágfaidh sin go mbeimid ar ais sa Bhruiséil in am don chluiche mór idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo.

Tuilleadh eolais:
http://www.trekkings.be/vip17sintannapede.html
http://www.toerismevlaamsbrabant.be/wandelen/bruegelwandeling/index.jsp

Camchuairt thart ar Tervuren agus Duisburg

Seo thíos roinnt grianghraf den tsiúlóid a rinneamar an tseachtain seo caite thart ar Tervuren agus Duisburg. Bhí an uain go breá, an tírdhreach go hálainn agus na bailte beaga Pléimeannacha a ngabhamar tríothu gleoite. Isteach is amach le 16km a shiúlamar.

Tá sé beartaithe againn siúlóid eile a eagrú roimh theacht an fhómhair.

Siúlóid 1

Siúlóid 2

Seo chugainn Leabhra Feabhra

Tá na Gaeil i gCéin tar éis tús a chur le ‘traidisiún nua’ atá ceaptha leabhair agus léamh na Gaeilge a cheiliúradh. ‘Leabhra Feabhra’ ainm an traidisiúin, agus chun páirt a ghlacadh ann ní gá ach leabhar Gaeilge a cheannach agus é a bhronnadh ar dhuine lá ‘le Bríde, an 1 Feabhra. Tá gach eolas i dtaobh Leabhra Feabhra ar fáil ar http://www.leabhrafeabhra.com.

Beidh míreanna speisialta faoi gach a mbaineann le leabhair le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta as seo go dtí an 1 Feabhra. Féach:

http://www.rte.ie/rnag/articles/sceala/2015/0107/671012-leabhra-feabhra-ar-rternag/

póstaer