Leabhair a bhaineann leis an mBeilg (1): ‘Imeacht na nIarlaí’

Chun Bóthair Arís. Feabhra 1608.

An t-ochtú lá Feabhra, 1608, tháinig gné fhliuchta agus fhearthainne san aimsir. Ghluais méid éigin tuile sna mionaibhneacha, cé nár bhris leaca oighir na bpríomhaibhneacha. An ribhéar a ghabhann go Lováin, bhí beangán beag de arna chomhtharraingt ar an taobh amuigh de na ballaí agus in imfhoisceacht don dá phálás a raibh na tiarnaí. Bhí glaisín beagshrutha ba leor laghad ar domhan ag dul gus an mbeangán réamhráite, é ag ceimniú ó ghairdín a bhí idir an dá phálás.

Fear áirithe de mhuintir an Iarla a bhí ag dul le toisc éigin gus an bpálás ina raibh Ó Néill, chonaic sé bradán rómhór i bpoll beag tabhaill a bhí ar an nglaisín. Tharraing sé arm i gcéaduair, mharaigh sé an bradán, agus rug sé leis é i láthair an Iarla. Tháinig sé as sin i láthair Uí Néill. Tháinig an méid ab imfhoisce dóibh de mhaithe na cathrach a fhéachaint an bhradáin – b’iontach leo a rómhéid agus a fháil mar a bhfuarthas é. Dúirt siad nach bhfaca siad féin, an fad a raibh siad ina mbeatha, agus nár chuala siad óna sinsear rompu, go bhfuarthas an bradán ar ribhéar Lováin, nó ar an mbeagán sin go háirithe, roimhe sin riamh.

Bhí na maithe seo i Lováin gus an ochtú lá déag den mhí chéanna. D’éirigh siad air sin go Mechelen, mórchathair oirirc de phroibhinse Fhlóndrais. Ar dhéanamh a meán lae i bhfochair Sir William Stanley ghluais siad thar abhainn mhór a théann ón mBruiséal go Antwerpen. D’oiris siad an oíche sin i mbaile beag a bhí i gcomhfhochair na habhann.

Tá Mechelen ina cathair oirirc is leor méid, arna comhshuíomh i ngleann ró-aoibhinn, agus is ródheas a tithe agus a teaghaisí dea-dhéanta. Tá ribhéar is leor méid agus feabhas tríd an gcathair, agus é arna chomhroinnt agus arna tharraingt trí uile shráid an bhaile, le hiomad droichead agus le báid líonmhara. Tá príomhtheampall rómhór i gceartmheán na cathrach is é arna imdhéanamh agus arna oibriú go róshaothrach dea-fhearastaithe, le haltóirí péinteáilte dealraitheacha dea-íomhácha, agus leis an gclogás is áibhle is airde i bhformhór na Críostaíochta.

Tá feart agus adhnacal naoimh Éireannaigh san eaglais sin; rinne Dia iliomad feart agus míorúiltí tríd. Ba mhac do Rí Éireann é, agus is rómhór a oirmhinníonn agus a amhraíonn lucht na cathrach tuama agus fíor an naoimh sin, de bhithín oirirceas na míorúiltí a rinne Dia tríd. Bíonn lóchrainn lasúla chéarach os a chionn d’oíche agus de lá, le seirbhís Dé go síoraí.

Tá ospidéal ar mhaitheas an domhain sa chathair, ina ngabhtar gach aon duine galraithe den uile náisiún ar chostas Rí na Spáinne.

Arna mhárach dóibh go Antwerpen. Ar an tslí rompu ghabh siad thar ribhéar rómhór a thagann ó Gent. Bhí leac oighir ábhalmhór ar an ribhéar. Rug siad a n-eachra ar araíonacha leo go meán an tsrutha ar an leac, agus chuir siad ansin i mbád iad de ché oighir, agus ina macasamhail i dtír ar an taobh eile. Shroich siad port atá os urchomhair chathair Antwerpen, Ceann Fhlóndrais a chomhainm. D’fhág siad ann a n-eachra, agus chuaigh siad féin i mbáid gus an gcathair.

Imeacht na nIarlaí le Tadhg Ó Cianáin (Pádraig de Barra a chóirigh. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1972)

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s