An Club Leabhar – ‘Lámh Láidir’

Is é Lámh Láidir le Joe Steve Ó Neachtain (Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh) an leabhar is deireanaí a roghnaíodh don Chlub Leabhar. Bígí ag léamh!

Advertisements

‘An Béal Bocht’

Mar is feasach sibh, d’fhreastal na Gaeil i gCéin an tseachtain seo caite ar an léiriú den Bhéal Bhocht a rinne an Compántas Amharclannaíochta Éireannach. Bhí ardoíche againn go léir. Tréaslaímid le lucht a léirithe. Bhí an t-úrscéal grafach den Bhéal Bocht (arna fhoilsiú ag Cló Mhaigh Eo) ar díol san amharclann gach oíche a léiríodh an dráma agus is cosúil go raibh an-cheannach air. Úsáideadh íomhánna ón leabhar sin sa léiriú agus thart faoin amharclann, rud a chuir go mór leis an ócáid.

Dála an scéil, bhí roinnt daoine ag fiafraí dínn céard go díreach is brí leis an nath cainte ‘an béal bocht’. Seo thíos an sainmhíniú atá ag Tomás Mac Síthigh air ina leabhar Cortha Cainnte na Gaedhilge:

Tá an béal bocht aige. Má bhíonn sé ag labhairt ar easpa nó ar bhoichte a bhaineann leis féin, is mó a chuireann sé leis an insint ná a bhaineann sé uaidh. Bíonn sé ag gearán nach mbíonn a dhóthain aige.

Leabhair a bhaineann leis an mBeilg (1): ‘Imeacht na nIarlaí’

Chun Bóthair Arís. Feabhra 1608.

An t-ochtú lá Feabhra, 1608, tháinig gné fhliuchta agus fhearthainne san aimsir. Ghluais méid éigin tuile sna mionaibhneacha, cé nár bhris leaca oighir na bpríomhaibhneacha. An ribhéar a ghabhann go Lováin, bhí beangán beag de arna chomhtharraingt ar an taobh amuigh de na ballaí agus in imfhoisceacht don dá phálás a raibh na tiarnaí. Bhí glaisín beagshrutha ba leor laghad ar domhan ag dul gus an mbeangán réamhráite, é ag ceimniú ó ghairdín a bhí idir an dá phálás.

Fear áirithe de mhuintir an Iarla a bhí ag dul le toisc éigin gus an bpálás ina raibh Ó Néill, chonaic sé bradán rómhór i bpoll beag tabhaill a bhí ar an nglaisín. Tharraing sé arm i gcéaduair, mharaigh sé an bradán, agus rug sé leis é i láthair an Iarla. Tháinig sé as sin i láthair Uí Néill. Tháinig an méid ab imfhoisce dóibh de mhaithe na cathrach a fhéachaint an bhradáin – b’iontach leo a rómhéid agus a fháil mar a bhfuarthas é. Dúirt siad nach bhfaca siad féin, an fad a raibh siad ina mbeatha, agus nár chuala siad óna sinsear rompu, go bhfuarthas an bradán ar ribhéar Lováin, nó ar an mbeagán sin go háirithe, roimhe sin riamh.

Bhí na maithe seo i Lováin gus an ochtú lá déag den mhí chéanna. D’éirigh siad air sin go Mechelen, mórchathair oirirc de phroibhinse Fhlóndrais. Ar dhéanamh a meán lae i bhfochair Sir William Stanley ghluais siad thar abhainn mhór a théann ón mBruiséal go Antwerpen. D’oiris siad an oíche sin i mbaile beag a bhí i gcomhfhochair na habhann.

Tá Mechelen ina cathair oirirc is leor méid, arna comhshuíomh i ngleann ró-aoibhinn, agus is ródheas a tithe agus a teaghaisí dea-dhéanta. Tá ribhéar is leor méid agus feabhas tríd an gcathair, agus é arna chomhroinnt agus arna tharraingt trí uile shráid an bhaile, le hiomad droichead agus le báid líonmhara. Tá príomhtheampall rómhór i gceartmheán na cathrach is é arna imdhéanamh agus arna oibriú go róshaothrach dea-fhearastaithe, le haltóirí péinteáilte dealraitheacha dea-íomhácha, agus leis an gclogás is áibhle is airde i bhformhór na Críostaíochta.

Tá feart agus adhnacal naoimh Éireannaigh san eaglais sin; rinne Dia iliomad feart agus míorúiltí tríd. Ba mhac do Rí Éireann é, agus is rómhór a oirmhinníonn agus a amhraíonn lucht na cathrach tuama agus fíor an naoimh sin, de bhithín oirirceas na míorúiltí a rinne Dia tríd. Bíonn lóchrainn lasúla chéarach os a chionn d’oíche agus de lá, le seirbhís Dé go síoraí.

Tá ospidéal ar mhaitheas an domhain sa chathair, ina ngabhtar gach aon duine galraithe den uile náisiún ar chostas Rí na Spáinne.

Arna mhárach dóibh go Antwerpen. Ar an tslí rompu ghabh siad thar ribhéar rómhór a thagann ó Gent. Bhí leac oighir ábhalmhór ar an ribhéar. Rug siad a n-eachra ar araíonacha leo go meán an tsrutha ar an leac, agus chuir siad ansin i mbád iad de ché oighir, agus ina macasamhail i dtír ar an taobh eile. Shroich siad port atá os urchomhair chathair Antwerpen, Ceann Fhlóndrais a chomhainm. D’fhág siad ann a n-eachra, agus chuaigh siad féin i mbáid gus an gcathair.

Imeacht na nIarlaí le Tadhg Ó Cianáin (Pádraig de Barra a chóirigh. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1972)

An Club Leabhar: Ár meas ar ‘Brídín’

bridin[1]

An scéal: Cáilín óg a fhágtar ina dilleachta ar a bealach anonn go dtí an tOileán Úr aimsir an Drochshaoil (nó roimhe? – tá iomrall aimsire sa leabhar) agus na heachtraí a bhaineann di.

🙂 Stíl réidh nádúrtha ag an údar. Caint Chonamara ar barr a phinn aige.
😦 An plota mós caol agus na heachtraí deacair a shlogadh amanna. An leabhar pas rófhada, leis (355 lch).