Gaeil i gCéin ag filleadh ar na seanfhóid d’Oireachtas na Samhna

oireachtasAn deireadh seachtaine beag seo, tionólfar an slua is mó de lucht labhartha na Gaeilge ar domhan, agus beidh daoine againne ann. Achan bhliain, faoi Shamhain, triallann na sluaite ar Oireachtas na Gaeilge agus i mbliana is ar Chill Áirne a bheidh ár dtriall. Féile chultúrtha is ea Oireachtas na Gaeilge, a eagraítear gach bliain chun na healaíona dúchasacha a chéiliúradh, idir amhránaíocht agus damhsa, scéalaíocht agus litríocht, agus é sin uilig trí mheán na Gaeilge ar ndóigh. Is dóigh liom féin, áfach, go bhfuil tábhacht níos mó ag baint leis an Oireachtas ná atá le gnáthfhéile chultúrtha. Deis atá ann ag pobal na Gaeilge teacht le chéile agus a thaispeáint a bheo is atá an Ghaeilge dáiríre. Agus tá tábhacht ar leith ag baint leis sin don Ghaeilgeoir nach bhfuil ag cur faoi sa Ghaeltacht, duine nach bhfuil an deis aige an Ghaeilge a úsáid a mhinice is mian leis b’fhéidir. Ní neart go cur le chéile agus is le chéile a bheidh lucht labhartha na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Le cuidiú Dé, feicfidh mé ann sibh! Aislínn

damhsa

Stair an Oireachtais

‘Cruinniú’ nó ‘tionól’ is ciall leis an fhocal ‘oireachtas’, agus cruinniú nó tionól atá in Oireachtas na Gaeilge, tionól de phobal na Gaeilge.

Eagraíodh an chéad Oireachtas in 1897, roinnt blianta tar éis bhunú Chonradh na Gaeilge. Is i mBaile Átha Cliath a bhí sé agus cé nach raibh ann ach féile leathlae, d’fhreastail breis is míle duine uirthi. Eagraíodh naoi gcomórtas an bhliain sin – dhá chomórtas filíochta; cúig chomórtas aistí i bprós; comórtas do chnuasach dánta, d’amhráin nó de scéalta Gaeilge nár foilsíodh go fóill; comórtas d’amhrán nua a bheadh oiriúnach mar amhrán ag Conradh na Gaeilge; agus comórtas reacaireachta. Le himeacht na blianta, tháinig fás ar an Oireachtas agus cuireadh leis na himeachtaí agus leis na comórtais a bhí ar siúl mar chuid de. Tháinig meath ar an Oireachtas ag tús na 1920idí, faraor, agus bhí blianta ann nár reáchtáladh féile ar bith. Bhí athbheocht curtha san Oireachtas faoi dheireadh na 1930idí, áfach, agus tá an fhéile ag dul ó neart go neart ó shin.

Is iad na príomhchomórtais a eagraítear ar na saolta seo an Comórtas Amhránaíochta ar an Sean Nós (Corn Uí Riada), Comórtas Rince ar an Sean Nós, Comórtas Amhrán Nua Chumtha, Comórtas Lúibíní agus na Comórtais Liteartha ar ndóigh. Bíonn neart comórtas eile ann fosta, mar aon le seimineáir, seoladh leabhar, scéalaíocht agus seiteanna. I mbliana, mar shampla, tá mise ag tnúth go háirithe leis an seimineár agus siompóisiam ar an fhoclóireacht, an seimineár ar an dóigh le pobal léitheoireachta Gaeilge a chothú agus ar an chomórtas Scrabble!

Tuilleadh eolas anseo.

Imirt chártaí

photo

“Tá gob deas ar do chearc, a dhuine” (mar a déarfá!)

Mar is eol daoibh, beidh oíche chártaí ag na Gaeil i gCéin Déardaoin seo chugainn, an 24 Deireadh Fómhair. Ar eagla nach bhfuil na frásaí a úsáidtear i gcluichí cártaí ar bharr a theanga ag gach duine, ag seo roinnt frásaí úsáideacha, mar aon le heolas eile a bhaineann le hábhar, as Slí an Eolais le Cormac Ó Cadhlaigh:

Cluiche Cártaí
“Mura ndéana sé lá prátaí a bhaint,” a deir an seanfhocal, “déanfaidh sé lá cártaí a imirt.” Agus níl aon dabht ná gur breá an caitheamh aimsire agus gur maith an sult cluiche maith cártaí, go mór mór, oíche gheimhridh, nuair a bhíonn cuideachta mheidhreach i dteach timpeall an bhoird. Dhá chárta caogad (dhá chárta is caoga) a bhíonn i bpaca cártaí. Ceithre chulaith sa phaca, .i. hart, muileata, triuf, agus spéireata. Tá an muileata is an hart dearg agus an triuf agus an spéireata dubh. Trí chárta dhéag i ngach culaith .i. an Rí, an Bhanríon, an Cuireata, an Deich, an Naoi, an tOcht, an Seacht, an Sé, an Cúig, an Ceathair, an Trí, an Dó, agus an tAon. Cúig is daichead, aon déag ar fhichid, cúig fichead, is iadsan na cluichí is minice a imrítear ach níl aon bhliain ná tagann cluiche nua i bhfaisean, mar atá, neap, sóló, droichead, pantún, cúncan, srl.

Sna trí chluiche tosaigh, 45, 31, agus 25, díoltar (roinntear) cúig chárta an duine amach don lucht imeartha tar éis iad a shuaitheadh agus tar éis duine den lucht imeartha a bhaint díobh, is é sin, roinnt de na cártaí a bhaint díobh. Ansan nuair a bhíonn cúig chárta ag gach duine, iompaíonn an díoltóir an cárta uachtair agus bíonn culaith an chárta a iompaítear ina mhámh, is é sin, is í culaith an chárta san is fearr san imirt sin.

Sin iad na cártaí is fearr a d’fhéadfadh a bheith ag duine agus é ag imirt cluiche de na cluichí sin: an cíoná (an mámh mór), is é sin, an cúig den chulaith a iompaítear—sin é an mámh is fearr; ansan an cuireata; an t-aon hart (bíonn an luach san ag an aon hart i gcónaí); an t-aon mámh ina dhiaidh sin; ansan an rí, an bhanríon; agus más cárta dubh (triuf nó spéireata) an mámh bíonn na cártaí ísle níos fearr ná na cártaí arda; ach, más cárta dearg (hart nó muileata) is mámh, is fearr na cártaí arda ná na cártaí ísle.

In aon imirt timpeall de na cluichí seo, 45,31, nó 25, tugtar cúig ar gach imirt a bhuachan, agus mar sin tugtar cúig mar ainm ar gach imirt timpeall. Ach i ndeireadh an chluiche, tugtar cúig nó sé sa bhreis (45 nó 31) don té a raibh an mámh ab fhearr sa chluiche aige.

I dtosach an chluiche is é an fear ar chlé an díoltóra is túisce a imríonn, agus mar sin don chuid eile. Agus ansan ina dhiaidh sin is é an fear a bhuann an cúig a leagann an chéad chárta. An té a bhuann an cluiche (nó na páirtithe a bhuann é) in aon imirt deirtear go ndéanann siad an cluiche a ghoin. Imrítear an cluiche ar aon airgead is maith leis an lucht imeartha.

An té a mbíonn an t-aon mámh ina ghlac aige, is féidir dó aon chárta (an cárta is measa dá bhfuil aige, ar ndóigh) dá dheis cártaí a chur uaidh ar leataobh ar an gcárta (ar an mámh) ar bharr na gcártaí a fhanann tar éis iad a roinnt amach, mar is fearr mámh dá ísle céim ná aon chárta eile (ach amháin an t-aon hart) dá airde céim.

Is féidir d’aon uimhir daoine na cluichí sin a imirt, gach duine ar a shon féin, nó gach beirt acu as lámh a chéile. Bíonn cluiche maith ann nuair a bhíonn trí bheirt ag imirt i gcoinne a chéile. Ach bíonn an-imirt agus an-chlipeadh nuair a bhíonn sé ina chluiche ceithre bheirt, agus níl aon seó ach a mbíonn de bhualadh nuair is cluiche trí thriúr é. Páirtithe a thugtar ar na daoine a bhíonn ag imirt as lámh a chéile mar sin.

Cainteanna a bhaineann le 45, agus 31, agus 25 a imirt
Ceathrar dearg ar dearna culaith gan aird gan rath.
Cuireata muileata agus banríon spéireata a chuir Seán agus Muiris faoi mhála na déirce.
Muileata i gcomhair an chruatain agus is crua don triuf.
Aon triuf glaoim ort.
Aon hart an t-aon beag ceart.
Aon hart an fear meidhreach ceart.
Aon hart rí breá na gcártaí.
Aon hart ag tart faoin gcíoná.
Hart ar bheart is na cuanta ó dheas.
Muileata an mámh—is maith an drámh an spéireata.
Daichead a bhí an t-asal nuair a cailleadh é. (Deirtear an focal san nuair a bhíonn duine go hard sa chluiche agus súil aige leis an gcluiche a bhuachan.)
Ceathrar dearg ar dtús agus gan rí ná rath as san siar.
Cuireata gan gharda is ard a screadann sé.
Bíonn gach éinne ag teitheadh ón muileata.
Beir an chéad chúig agus tabhair an cíoná.
Is mairg a thabharfadh an cuireata is an cíoná ar cheann.
Aon muileata—an fear a leag an chruach mhóna ar Ard Fearta.
Níl mámh ná drámh (maith) agam.
Na máite is na dráite.
Tá iarlais ann, cosain í. (Nuair a bhíonn ceithre chárta mhaithe ag duine agus cárta suarach gan maith ar bith ann, achainíonn sé ar a pháirtí a dhícheall a dhéanamh chun an cúig deiridh a bhaint amach.)
Dea-imirt agus gan cheiliúr i mámh ná i ndrámh. (Ceiliúr nó ceilt is ea gan cárta de dhath an chéad chárta a leagan ina dhiaidh nuair a bhíonn sé agat i do ghlac.)
Ná ceil is ná coinnigh muileata. (Is é sin, gan muileata a cheilt ach é a leagan i ndiaidh an mhuileata a leagfaí i dtosach; agus más amhlaidh is agatsa a bheadh an leagan tosaigh, an muileata a chaitheamh uait.)
Is í mallacht an chearrbhaigh an muileata a chothú.
Spéireata ó Loch Éirne nó cárta maith hairt.
Tá gob deas ar do chearc. (Deirtear an focal san nuair a bhíonn cártaí maithe ina ghlac ag duine.)
Fáinne óir ort. (Deirtear le duine a iompaíonn aon.)
Díol as. (Ní foláir do dhuine a iompaíonn aon chárta eile a chur uaidh ar leataobh in ionad an aoin sular féidir dó é a thógáil.)
Muileata an mámh—is maith an drámh an triuf.
Ná bí fadbheartach (.i. mall san imirt), imir amach iad.
Imir arís, a ghiolla a bhí dána.
Cheil tú, croch do lámh. (An té a cheileann, is é sin, ná himríonn an mámh nó drámh a leagadh ar dtús, ní foláir dó a chártaí a chur uaidh ar fad.)
Rinne mé rian. Rianaigh mé é. Tá sé rianta agam. Tá sé ina rian agam. (Is ionann rian a dhéanamh agus cluiche a ghoin).
Ná lig cúig a lámhdhéanta leis. (Deirtear an focal san mar is ag fear na gcártaí a dhíol a bhíonn an cárta deiridh a imirt an chéad bhabhta.)
Caith cuireataí. (An bheirt nó an triúr is túisce a fhaigheann cuireataí nuair a chaitear iad, is iad a bhíonn ina bpáirtithe.)
Cárta cúil.
Cleas an mháimh ná feictear ach nochtadh sé a lámh.
An tríú cluiche an chearrbhaigh.
Cearrbhach—duine a bhíonn ag imirt chártaí go minic.
Cearrbhach óg—duine ná fuil puinn eolais ar imirt chártaí.
Cúl-chearrbhach—duine a chuireann geall ar imirt na gcártaí ach ná himríonn in aon chor.
An cíoná—an cúig den chulaith atá ina mhámh.
An mámh cinn nó an mámh mór—an mámh is fearr san imirt nuair ná bíonn an cíoná ag éinne.

Foinsí eile ina bhfuil téarmaí cártaí:

– An Béal Beo, Tomás Ó Máille (féach ‘Cártaí’)
– ‘Cárdaí agus Cearrbhachas’, Shan Ó Cuív, Béaloideas 22
Cúig Fichead (alt i Vicipéid)
– An Saol Mór, Seán Macsíthigh (féach ‘Cluichí agus caitheamh aimsire laistigh’)
– ‘Traidisiún na gCártaí’. Caint a thug Maidhc Sé ag Ceiliúradh an Bhlascaoid (bliain:?)
– Seanchas ó Chairbre (féách ‘Imirt na gCártaí’)
– ‘Téarmaíocht cártaí san aistriúchán ar The Penguin Book of Card Games‘, Máire Rós Ní Loinsigh, Léann Teanga: An Réiviú 2015.

Club Leabhar

Is clos do na Gaeil i gCéin go bhfuil Club Leabhar ag aistritheoirí Gaeilge an Choimisiúin Eorpaigh. Bíonn eolas faoin gClub seo ar leathanach facebook ‘An Coimisiún Eorpach – Aistriúchán Gaeilge’. Sílimid gur togha smaoinimh an Club seo agus tá rún ag roinnt dínn an leabhar a roghnaítear gach mí a léamh agus a phlé eadrainn féin. Seo na leabhair a bhí ag an gClub go dtí seo: An Litir le Liam Mac Cóil, An Fear Dána le Alan Titley, An Druma Mór le Séamus Mac Grianna, Japhy Ryder ar Shleasaibh na Mangartan le Robert Welch, Séadna leis an Athair Peadar Ua Laoghaire, An Ród Seo Romham le Liam Mac Uistín, Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir, agus, leabhar na míosa seo, Brídín le Colm Ó Ceallaigh.

Nuair a bheidh uain againn air, déarfaimid libh cad é ár meas ar an leabhar a roghnaíodh.

Ós ag trácht ar leabhair atáthar, is maith ann an feachtas margaíochta do leabhair Ghaeilge atá ar bun ag Foras na Gaeilge faoi láthair. Go n-éirí go geal leis.

Clár Imeachtaí an Fhómhair

Déardaoin 24 Deireadh Fómhair ar 19 a chlog
Beimid ag teacht le chéile sa tSeandair (Old Oak), Rue Franklin le cúpla babhta den chluiche cártaí 25 (nó 45) a imirt. Deis mhaith is ea é seo le cuid den stór focal a bhaineann le himirt cártaí a fhoghlaim, agus cúpla pingin a bhuachan freisin!

Beidh cúpla duine againn ann óna 6 i.n. le greim bia a fháil ar mhaithe linn féin a bheathú i gceart roimh na mórchluichí…

Déardaoin 21 Samhain
Beidh an Compántas Amharclannaíochta Éireannach ag léiriú an dráma An Béal Bocht  i mí na Samhna. Tá deich dticéad curtha ar leataobh againn dóibh siúd ar mhaith leo teacht linn. Fáilte roimh níos mó ná sin, dar ndóigh, ach cúram na dticéad oraibh féin! Abair linn faoi Dé hAoine seo chugainn (18 Deireadh Fómhair) má tá suim agat teacht linn agus cuirfimid san áireamh thú más féidir. €15 atá ar thicéad.

Dé Domhnaigh 1 Nollaig
Margaí na Nollag. Beidh tuilleadh eolais againn ina thaobh seo amach anseo.

Bróinse

Go raibh maith agaibh libh go léir a tháinig go dtí an bróinse an tseachtain seo caite. Bhíomar tuairim is scór daoine ann. Ár mbuíochas le Conán agus Áine, úinéirí na bialainne, as an bhfreastal a rinne siad orainn.photo[1]

Bróinse

Beidh bróinse ag na Gaeil i gCéin Dé Sathairn an 12 Deireadh Fómhair ar 12:30 in Delish (36 Arenbergstraat, Brussel). Is sa Deli (gabhtar tríd an doras ar thaobh na láimhe clé) a bheimid. Fáilte roimh chách.